Robert Emmet: bua na tragoide

Beocheist: Ar 25ú lá den mhí seo, dhá chéad bliain ó shin, gabhadh Robert Emmet i dteach i gCrois an Arailtigh, Baile Átha Cliath…

Beocheist: Ar 25ú lá den mhí seo, dhá chéad bliain ó shin, gabhadh Robert Emmet i dteach i gCrois an Arailtigh, Baile Átha Cliath. Bhí an fear óg ar a choimhéad ó theip ar a iarracht éirí amach a thionscnamh i mBaile Átha Cliath an mhí roimhe sin.

Ar 20ú Meán Fómhair crochadh os comhair Eaglais Chaitríona ar Shráid Thomáis i mBaile Átha Cliath é.

Agus stair na hÉireann sa 19ú haois á foghlaim agam ar scoil is beag bá a bhí agam le Robert Emmet. Bhí léite agam faoin óráid cháiliúil a rinne sé sa chúirt tar éis a dhaortha chun báis agus faoina iompar cróga lá a chrochta agus bhí meas agam ar a mhisneach agus ar a dhiongbháilteacht dá bharr.

Ach níor fhéad mé a mhaitheamh dó a iompar amaideach díchéillí i leith na mná a raibh sé i ngrá léi, Sarah Curran. Nuair a theip go tubaisteach ar an éirí amach choinnigh Emmet ina phóca dhá litir ó Sarah Curran bíodh gur iarr sí air iad a scrios.

READ MORE

Agus ansin nuair a bhí sé i bpríosún, ag fanacht lena thriail, thug sé litir do dhuine de na bairdéirí le tabhairt dá ghrá geal ina teach i Ráth Fearnáin. Thug an bairdéir an litir do na húdaráis agus cuireadh saighdiúirí amach láithreach chun an teach a chuardach.

Chonacthas dom gur beartas díchéillí a bhí ann fear chomh hóg agus chomh saonta sin (ní raibh sé ach cúig bliana agus fiche ag an am) a chur i gceannas ar lucht an éirí amach.

Agus siocair go raibh mé chomh daingean sin i mo thuairim gur dhuine baoth é Emmet agus gur gníomh buile a bhí san éirí amach níor chuir mé dua ar bith orm féin a thuilleadh a léamh faoi go dtí le déanaí nuair a tháinig an leabhar Bold Robert Emmet le Seán Ó Brádaigh i mo threo.

Taispeánann an t-údar arís agus arís eile sa leabhar seo nárbh aon amadán é Emmet. Dar leis, bhí an plean a bhí aige don Éirí Amach an-chliste ar pháipéar agus murach sraith de thaismí go raibh seans maith aige Caisleán Bhaile Átha Cliath a ghabháil. Mar sin féin, admhaíonn sé gur beag meas a bhí ag na fir a tháinig chun páirt a ghlacadh san éirí amach ar a údarás mar cheannaire.

Dá mbeadh duine níos síne ar nós Thomas Russell i gceannas an n-éireodh leis iad a choinneáil amach ó na tithe tábhairne? Is ceist í sin nach bhfuil freagra uirthi.

Ach tá gach seans ann nach leomhfadh duine le ciall cheannaithe mar a bhí ag an Ruiséalach tabhairt faoi réibiliún a bhí chomh dásachtach dána sin. Theastódh fear óg idéalach rómánsúil ceanndána chun sin a dhéanamh.

Ag deireadh an leabhair tá sraith de dhánta agus amhráin a cumadh in onóir Emmet tar éis a bháis, ceann acu le Percy Shelley agus ceithre cinn le Thomas Moore a bhí ar Choláiste na Tríonóide ag an am céanna le hEmmet. Ní thabharfainn ardfhilíocht ar aon cheann acu ach, tar éis dom iad a léamh, tuigeadh dom gurbh iad na tréithe céanna sin in Emmet, a chuir olc orm agus mé ar scoil, ba chúis lena ainm bheith i mbéal phobal na hÉireann go cionn 100 bliain ar a laghad tar éis a bháis.

Ba é an 19ú haois ré an rómánsachais ar fud na hEorpa. Bhí an laochas agus an t-idéalachas á móradh ag filí agus úrscealaithe ina gcuid saothar. Ní hionadh go ndeachaigh an scéal faoin fhear óg i mBaile Átha Cliath a thug dúshlán rialtas na Breataine i bhfeidhm chomh mór sin orthu.

Ainneoin iarrachtaí na n-údarás a ndúirt sé ina óráid dheiridh a chur as riocht bhí go leor i láthair a chuala í agus a d'fhéach chuige go scaipfí an leagan ceart. Laoch tragóideach ceart a bhí ann agus ní dhearna na scéalta faoina ghaol le Sarah Curran ach cur leis an tragóid agus lena laochas. Cad eile a dhéanfadh laoch rómánsúil ach na litreacha óna ghrá geal a iompar gar dá chroí?

Ar raibh lucht ceannais na nÉireannach Aontaithe chomh fadradharcach sin gur thuig siad an tionchar a bheadh ag bás Emmet ar mheon mhuintir na hÉireann nuair a chuir siad i gceannas i mBaile Átha Cliath é? Ceist é sin b'fhéidir a d'fhreagofaí ag na leachtaí agus seimeanáir a bheidh ar siúl idir seo agus deireadh na bliana chun Emmet a chomóradh.

Bold Robert Emmet: 1778-1803 le Seán Ó Brádaigh, Cló Saoirse,€7.50